Saoráil Faisnéise
Cad is Saoráil Faisnéise ann?
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 tá sé de cheart agat taifid a rochtain atá i seilbh na hInstitiúide seo agus i seilbh gach forais a thagann faoi réimse an Achta. Caithfidh an Institiúid míniú a thabhairt duit sa chás nach bhfaigheann tú pé eolas a n-iarrann tú agus de ghnáth caithfear an cinneadh a dhéanamh taobh istigh de 4 sheachtain.
Is iad príomhaidhmeanna an Achta ná cultúr oscailteachta, follasachta agus freagrachta a chothú agus a fhorbairt i bhforais phoiblí. Tá an tAcht ceaptha chun cead a thabairt don phobal faisnéis atá ag forais phoiblí a rochtain NACH bhfuil ar fáil de ghnáth trí fhoinsí eile. Tá rochtain faisnéise faoin Acht faoi réir ag díolúintí áirithe agus tá nósanna imeachta agus teorainn ama ar leith i gceist.
Lean na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais:
- An Láraonad Pholasaí um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí
- Ceisteanna & Freagraí Shaoráil Faisnéise LYIT
Déan teagmháil le
Helen McGrandles
Oifig um Shaoráil Faisnéise
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
F92 FC93
T: +353 (0)74 918 6044
E: foi@lyit.ie