Comhairle Acadúil
Tá an Chomhairle Acadúil san Institiúid curtha le chéile ó bhainisteoirí acadúla agus baill atá tofa ag an fhoireann.
Tá ról reachtúil ag an Chomhairle -
- Chun cuidiú leis an Bhord Rialaithe obair oideachasúil an choláiste a phleanáil, a chomhordú, a fhorbairt agus a mhaoirsiú
- Chun caighdeáin acadúla na gcúrsaí agus gníomhaíochtaí an choláiste a chosaint, a chothabháil agus a fhorbairt.
Tá clár oibre na Comhairle Acadúla curtha le chéile sa dóigh go bhfuil sé in oiriúint don dá ról seo agus, chomh maith leis sin, chun a bheith in inmhe dearcthaí ar cheisteanna acadúla a chur in iúl don Bhord Rialaithe. Feidhmíonn sé de réir Buan-Orduithe atá comhaontaithe. Is é an tUachtarán a bheidh ina Chathaoirleach ar an chomhairle agus déanfaidh sé cathaoirleacht ar na cruinnithe go léir nuair a bheidh sé i láthair. Feidhmíodh Cláraitheoir na hInstitiúide mar Rúnaí don Chomhairle. Tá an bhallraíocht tofa ón fhoireann i gcóimheas 50% fear agus 50% bean. Tá na Coistí seo a leanas bunaithe ag an Chomhairle ar mhaithe le cuidiú léi ina cuid oibre:
- Coiste na gCaighdeán Acadúil
- An Coiste Pleanála
- Coiste na gClár
- An Coiste Taighde
- An Coiste um Fhoghlaim, Theagasc agus Rannpháirtíocht na Mac Léinn